Hans Fallada
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 21 Iúil 1893 Greifswald ![]() |
Bás | 5 Feabhra 1947 53 bliana d'aois Beirlín ![]() |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach) |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Beirlín ![]() |
Gairm | scríbhneoir, iriseoir, scríbhneoir litríocht pháistí, úrscéalaí, dírbheathaisnéisí ![]() |
Seánra | Úrscéal |
Gluaiseacht | Neue Sachlichkeit |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Ainmnithe do
| |
Suíomh gréasáin | fallada.de ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Scríbhneoir Gearmánach ba ea Hans Fallada, a ainm bréige, nó Rudolf Ditzen, a fhíorainm. Saolaíodh é i nGreifswald ar an 21 Iúil 1893 agus fuair sé bás i mBeirlín ar an 5 Feabhra 1947. Bhí sé ar dhuine de scríbhneoirí móra na Gearmáinise sa chéad leath den fhichiú haois.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/3a/Berlin_Pankow_Fallada.jpg/220px-Berlin_Pankow_Fallada.jpg)
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/7/72/Gedenktafel_Hans_Fallada.jpg/220px-Gedenktafel_Hans_Fallada.jpg)
Níor chuir bochtanas isteach ar shaol a mhuintire, ach bhí sé go minic in achrann lena athair, agus é ina fhear mór diansmachta ag tógáil a chlainne. Theastaigh uaidh go rachadh an mac ag staidéar dlí, rud nár thaitin le Rudolf óg ar aon nós. Nuair a bhí sé ina dhéagóir, d'fhéach seisean agus an cara ab fhearr a bhí aige san am, d'fhéach siad le lámh a chur ina mbásanna féin agus cuma an chomhrac aonair a chur ar an bhféinmharú dúbalta. Mar a d'iompaigh an scéal amach, mharaigh Rudolf a chara, ach fágadh gonta go tromchúiseach é féin. Cuireadh i dteach na ngealt é, agus níor chríochnaigh sé an mheánscoil riamh.
Nuair a scaoileadh saor leis arís, liostáil sé san arm, ach ní bhfuair sé fáilte ar bith ansin ach an oiread, ó shíl dochtúirí an airm nach raibh ábhar saighdiúra ann. Ansin, chuaigh sé ar an drabhlás ar fad, agus chaith sé na blianta 1917-1919 i dtithe téarnaimh ag iarraidh éirí as an druncaeireacht. Ina dhiaidh sin, bhí jabanna éagsúla aige, ach ó bhí dúil nimhe aige san ól agus sna drugaí féin, chúigleáil sé airgead óna chuid fostóirí. Chuir sé isteach dhá théarma príosúin.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/9c/Eilbeker_Tafelrunde_07_Hans_Fallada.jpg/220px-Eilbeker_Tafelrunde_07_Hans_Fallada.jpg)
Sa bhliain 1929, phós sé cailín darbh ainm Anna Issel - "Suse" a thug sé uirthi - i Hamburg. Rugadh ceathrar clainne dóibh, ach fuair beirt acu bás go hóg, agus is annamh a theagmhaídís ar a chéile i ndiaidh lá a bpósta, ó bhí Rudolf ag obair i Neumünster, agus cónaí ar Suse i dteach a máthara i Hamburg.
Scríbhneoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
I dtús na 1930idí thosaigh an scríbhneoireacht ag éirí le Rudolf - nó Hans Fallada, mar a thug sé air féin. Bhí an teach foilsitheoireachta úd Rowohlt sásta an chéad úrscéal leis a chur i gcló, leabhar a chardáil saol na cathrach bige agus cúrsaí na polaitíochta sa timpeallacht sin - Bauern, Bonzen und Bomben ("Feirmeoirí, boic mhóra agus buamaí"). Shaothraigh Fallada slám maith airgid ar an leabhar, agus d'aistrigh seisean agus a theaghlach go Beirlín, áit ar scríobh sé an t-úrscéal Kleiner Mann, was nun? ("Céard a dhéanfaidh tú anois, a fhirín?") Ba é an leabhar seo a thabhaigh clú idirnáisiúnta dó, agus é ag tabhairt cur síos ansin ar shaol na lánúine óige sna fichidí - saol a raibh taithí aige féin air.
Nuair a tháinig an Naitsíochas i réim, mhair Fallada ag scríobh úrscéalta faoi shaol na ngnáthdhaoine, ach is léir nach bhféadfadh sé cloí lena sheanstíl chriticiúil a thuilleadh, ó bhí na léirmheastóirí Naitsíocha míshásta leis an taobh sin dá scríbhneoireacht. Mar sin, thosaigh sé ag soláthar lón léitheoireachta nach raibh blas na polaitiúla air.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/2e/Erich_Ohser_Hans_Fallada_1943.jpg/220px-Erich_Ohser_Hans_Fallada_1943.jpg)
Thit an tóin as a phósadh sa bhliain 1944, agus sa bhreis air sin, scaoil sé piostal beag nuair a bhí sé ag déanamh achrainn lena bhean. Ar ámharaí an tsaoil, níor bhuail an t-urchar aon duine, ach mar sin féin, daoradh Fallada chun príosúin as an míghníomh seo. Sa chéad bhliain eile, phós sé Ursula Losch, cailín óg a raibh andúil aici sna drugaí cosúil leis féin.
Bás agus oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Chuaigh sé ar lorg leighis sna tithe téarnaimh arís, ach ní raibh biseach ar bith daite dó. Fuair sé bás le taom croí i Niederschönhausen, Beirlín, sa bhliain 1947. Sa bhliain chéanna, foilsíodh an t-úrscéal Jeder stirbt für sich allein ("Faigheann gach duine bás ina aonar"), arbh é an chéad saothar ficseanúil i stair litríochta na Gearmáine a phléigh le frithbheartaíocht na nGearmánach in aghaidh na Naitsithe sa Tríú Reich.
Foilsíodh cuid mhór de lámhscríbhinní Fallada i ndiaidh a bháis. Scríbhneoir bisiúil a bhí ann, beag beann ar na fadhbanna a bhí aige leis na drugaí agus leis an ól. Bíonn a chuid leabhar simplí soléite, agus bá aige leis an ngnáthdhuine. Mar sin, léitear an chuid is fearr acu inniu féin.